
Is iad seo a leanas róil na Rannóige Acmhainní Daonna:
- Straitéis agus Beartais Acmhainní Daonna - taighde agus forbairt a dhéanamh ar straitéisí agus ar bheartais acmhainní daonna chun tacú le húdaráis áitiúla riachtanais seachadta seirbhíse a chomhlíonadh.
- Oiliúnt agus Forbairt - treoir, comhairle, agus tacaíocht a thabhairt d'údaráis áitiúla maidir leis an mbealach is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais oiliúna agus forbartha atá ag baill foirne dá gcuid d'fhonn spriocanna oibríochtúla amach anseo a bhaint amach.
- Bainistíocht Athruithe - tacaíocht agus treoir leanúnach a thabhairt d'údaráis áitiúla i dtaca le feidhmiú próiseas éifeachtach um bainistíocht athruithe.
- Comhionannas - réimse leathan comhairle agus tacaíochta a chur ar fáil maidir le saincheisteanna a bhaineann le reachtaíocht agus acmhainní daonna i réimsí ar nós an chomhionannais deiseanna, ilchineálachta agus míchumais.
- Sláinte agus Sábháilteacht - comhairle, eolas agus treoir a chur ar fáil de réir an dea-chleachtais agus na ndea-chaighdeán idirnáisiúnta d'fhonn cuidiú le húdaráis áitiúla reachtaíocht Sláinte, Sábháilteachta agus Leas ag an Obair a chomhlíonadh.
- Comhpháirtíocht san Áit Oibre - tacú le cur i bhfeidhm an chláir oibre nua-aoisithe, agus forbhreathnú agus athbhreithniú a dhéanamh air, de mheon comhpháirtíochta trí chomhfhóram an lucht bainistíochta/an lucht ceardchumainn, an Grúpa Comhairleach Náisiúnta Comhpháirtíochta d'Údaráis Áitiúla (GCNCÚÁ).
Is iad seo a leanas na príomhréimsí gníomhaíochta:
- Straitéis Acmhainní Daonna
- Beartais agus Nósanna Imeachta um Acmhainní Daonna
- Bainistíocht Tinrimh
- Bainistíocht Athruithe
- Bainistíocht Feidhmíochta/Creat Inniúlachta
- Oiliúint agus Forbairt
- Córas Acmhainní Daonna, Párolla agus Aoisliúntais
- Seirbhísí Comhroinnte
- Pleanáil an Fhórsa Saothair
- Comhionannas
- Míchumas
- Dínit san Áit Oibre
- Sceithireacht
- Cosaint Leanaí
- Saoráil Faisnéise
- Comhpháirtíocht san Áit Oibre
- Sláinte, Sábháilteacht agus Leas ag an Obair
I measc na dtionscadal atá idir lámha faoi láthair, tá
- An Tionscadal um an gCóras Acmhainní Daonna, Párolla agus Aoisliúntais
- An Clár um Bainistíocht Athruithe Sláinte agus Sábháilteachta
- Clár an Chreata Inniúlachta d'Údaráis Áitiúla
