Tá húdaráis áitiúla ag gcroílár an mhéid a dhéanaimid.
Is gníomhaireacht stáit í an GBRÁ a sholáthraíonn réimse seirbhísí gairmiúla d’údaráis áitiúla.
Oibrímid i gcomhair leis an 31 údarás áitiúil chun tacú le soláthar comhordaithe agus cost-éifeachtúil sheirbhísí agus bheartais an rialtais áitiúil. Cuidímid leis na húdaráis áitiúla chomh maith athruithe a chur chun feidhme agus feidhmíocht a fheabhsú.
Bunaíodh an GBRÁ in 2012 faoi ordú bunúcháin Is gníomhaireacht muid de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, atá maoinithe go príomha ag údaráis áitiúla.
Ár bhfís
I gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla, beidh an GBRÁ ina ionad barr feabhais comhroinnte i bpríomhchuir chuige earnála maidir le forbairt agus méadú seirbhísí poiblí ar fheabhas ar an leibhéal áitiúil.
Ár misean
Gníomhaíochtaí a dhíriú chun eispéireas cáilíochta custaiméara a sholáthar d’údaráis áitiúla, atá curtha in ord tosaíochta ar fhorbairt agus ar chur chun cinn beartas dea-chleachtais, córas agus cur chuige earnála maidir leis na dúshláin ghnó atá le sárú ag údaráis áitiúla.
Ár gcuspóirí
- Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar don rialtas áitiúil, a thaispeánfaidh luach ar airgead agus a bheidh ag oiriúnú go leanúnach do riachtanais na hearnála atá ag athrú.
- Tacú go gníomhach le forbairt agus chur chun feidhme bheartas an rialtais, ag baint leas as an bpríomhchleachtas ó laistigh agus lasmuigh den earnáil ag baint úsáid as sonraí mar phríomhchumasóir
- Tacú le ceannaireacht straitéiseach a fhorbairt laistigh d’údaráis áitiúla chun tacú le ceapadh agus cur chun feidhme pleananna straitéiseacha
- Bheith aitheanta mar ionadaí náisiúnta agus mar ghuth don earnáil rialtais áitiúil
- Timpeallacht oibre oscailte agus rannpháirteach a chruthú, a fheicfear mar phríomheagraíocht chun na scileanna agus an taithí chun tacú le dul chun cinn gairme a fhorbairt
- Gníomhú mar ionad barr feabhais sna limistéir laistigh de shainchúram comhairleach an GBRÁ
- Tacaíocht a thabhairt do dhea-rialachas agus é a neartú
Féach ar ár bPlean Corparáideach 2020 – 2022 chun tuilleadh eolais a fháil faoinár gcuspóirí agus an dóigh a bhféachaimid lena mbaint amach.
Ár gcuid oibre
Soláthraíonn na húdaráis áitiúla na céadta seirbhísí agus tacaímid leo leis sin a dhéanamh, rud a chiallaíonn go n-oibrímid ar fud roinnt réimsí éagsúla. Is féidir leat léamh faoinár gcuid oibre agus ár gcuid tionscadal anseo.