Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Rialtas Aitiúil

Tá 31 Údarás Áitiúil in Éirinn. Is í an chomhairle thofa fóram déanta beartas an údaráis áitiúil.


Soláthraíonn an 31 údarás áitiúil na céadta seirbhís agus ina measc siúd tá bóithre; pleanáil; tithíocht; forbairt eacnamaíoch agus pobail; an comhshaol, fóillíocht, agus seirbhísí áineasa; leabharlanna agus seirbhísí dóiteáin.

Ról an chomhairleora

Tá 949 comhairleoir tofa ar an 31 comhairle sa tír, tá líon bhallraíocht na comhairle in údaráis áitiúla idir 18 agus 63.

Seachas Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas, Cathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí agus Cathair na Gaillimhe, tá gach limistéar údaráis áitiúil roinnte ina gceantair bhardasacha ina bhfuil comhairleoirí a dhéanann ionadaíocht don cheantar bardasach agus don údarás áitiúil ag an am céanna. Ar an iomlán, tá 95 ceantar bardasach sa tír.

Is í an chomhairle thofa fóram déanta beartas an údaráis áitiúil; gníomhaíonn baill na gceantar bardasach mar fho-eagar cinnteoireachta den chomhairle ina hiomláine i ndáil lena limistéar ceantair bhardasaigh. Feidhmíonn comhairlí tofa (a fheidhmíonn ar leibhéal an údaráis áitiúil nó an cheantair bhardasaigh) ‘feidhmeanna forchoimeádta’ a shainítear sa dlí i réimse reachtaíochta.

Ról an fheidhmeannaigh

Déanann an feidhmeannach bainistíocht laethúil ar údarás áitiúil, i.e. oifigigh lánaimseartha faoi stiúir an phríomhfheidhmeannaigh. Tá dualgas ar an bpríomhfheidhmeannach comhairle agus cúnamh a thabhairt don chomhairle thofa i bhfeidhmiú a feidhmeanna.


 


AIMSIGH D’ÚDARÁS ÁITIÚIL