Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Bainistíocht agus Nuálaíocht Clár

Bainistímid tionscadail agus spreagaimid nuálaíocht ar fud na hearnála rialtais áitiúil.


Tacaíonn ár gColún um Bainistíocht agus Nuálaíocht Clár le soláthar nuálaíochta agus feabhais leanúnaigh ar fud na hearnála rialtais áitiúil agus laistigh den Ghníomhaireacht.

Forbraímid beartas agus gníomhaíochtaí chomh maith chun tacú le hathchóiriú na hearnála poiblí, lena n-áirítear i ndáil lenár gCreat Seirbhíse Poiblí 2020.

Bainistíonn an Colún tionscadail agus cláir shonracha don GBRÁ agus don earnáil rialtais áitiúil ó thús go críoch.

Nuair a bheidh na tionscadail bunaithe, leanfaidh an GBRÁ lena mbainistíocht nó déanfaidh údarás áitiúil iad a bhainistiú le tacaíocht leanúnach ón GBRÁ.

Comhdhlúthaítear seirbhísí go minic leis na tionscadail agus cláir sin a dhéanfadh gach údarás áitiúil murab sin. D’fhéadfadh forbairt córas TFC nó bealaí úra a bhunú chun rudaí a dhéanamh a bheith i gceist leo.

Tá roinnt samplaí maidir le tionscadail agus cláir reatha a d’fhorbraíomar ar fáil thíos.

MyPay

Soláthraíonn MyPay párolla agus aoisliúntas d’údaráis áitiúla trí chóras TF comhroinnte agus ó ionad seirbhíse comhroinnte aonair.

Oifig na Bainistíochta Bóithre

D’oibríomar ar bhunú Oifig na Bainistíochta Bóithre (OBB), atá ceaptha chun bainistíocht níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar oibreacha bóthair a fhorbairt ar fud na tíre. Oibrímid chomh maith leis an OBB ar fhorbairt, tacaíocht agus cothabháil dá phríomhchóras náisiúnta TFC: Córas Bainistíochta Cosán MapRoad agus Ceadúnú d’Oibreacha Bóthair MapRoad.

An Córas Bainistíochta Leabharlann

Bhunaíomar córas bainistíochta leabharlann trínar féidir le baill leabharlainne rochtain a fháil ar gach leabharlann phoiblí, catalóg leabharlann náisiúnta agus seirbhísí leabharlainne ar líne.

Na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide

Bhí páirt lárnach ag an GBRÁ i mbunú ceithre Oifig Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAROnna), a chomhordaíonn cur chun feidhme an bheartais náisiúnta aeráide trí na húdaráis áitiúla agus a thacaíonn leis.

Deisigh Do Shráid

D’fhorbraíomar láithreán gréasáin trínar féidir le baill den phobal fadhbanna neamh-éigeandála a thuairisciú dá gcomhairle.

TFC Tithíochta

Soláthraíonn an GBRÁ réitigh TFC chun cuidiú leis an earnáil rialtais áitiúil seirbhísí tithíochta a sholáthar ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Is muidne an bainisteoir conartha do chóras iHouse agus ÍCT.

r-Phleanáil

Tacaímid le roinnt córas a úsáideann na húdaráis áitiúla i riarachán a bhfeidhme pleanála agus cothaímid iad, lena n-áirítear comhairliúcháin réamhphleanála, próiseáil iarratas ar phleanáil, forfheidhmiú agus fiosruithe pleanála ar líne.

Áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha (NPPR)

Soláthraíonn an GBRÁ seirbhís bhiúró chun muirear Áiteanna Cónaithe Príobháideacha Neamhphríomha (NPPR) a bhailiú thar ceann na n-údarás áitiúil.