Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Comhordú an tsoláthair tithíochta

Cuirimid comhairle ar fáil maidir le bealaí agus modhanna dea-chleachtais um sholáthar tithíochta.


Imscrúdaíonn agus tugann an Oifig Chomhordú an tSoláthair Tithíochta GBRÁ comhairle ar an dea-chleachtas maidir le soláthar tithíochta, lena n-áirítear i ndáil le bealaí neamhthraidisiúnta soláthair agus cuíchóiriú modhanna soláthair reatha.

Is é Eddie Taffe Comhordaitheoir Clár Oifig Chomhordú an tSoláthair Tithíochta GBRÁ.

Chun é sin a dhéanamh déanaimid:

  • Córais agus próisis a fhorbairt d’údaráis áitiúla lena chinntiú go mbeidh sonraí fíor-ama cuí ar fáil maidir le cláir um sholáthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne.
  • Tacaímid leis na húdaráis áitiúla le tacair sainscileanna i mbainistíocht clár agus conarthaí, breithmheas tionscadal agus comhairle theicniúil
  • Ionchuirimid i spriocanna maidir le soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus déanaimid maoirseacht leanúnach ar sholáthar i gcoinne spriocanna ar bhonn náisiúnta
  • Déanaimid idirchaidreamh agus comhoibrímid le páirtithe leasmhara sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna), sa Ghníomhaireacht Tithíochta, Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus san Oifig um Sholáthar Rialtais maidir le cúrsaí comhleasa i soláthar tithíochta.