Leagann Bord an GBRÁ straitéis leathan agus beartais an GBRÁ amach, a chuirtear chun feidhme agus a sholáthraítear trí cholún struchtúir eagraíochtúil.
Faomhann an Bord pleananna oibriúcháin agus buiséid na Gníomhaireachta agus tá ról maoirseachta aige i ndáil le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Tá Comhaontú maidir le Maoirseacht agus Seachadadh Feidhmíochta agus Seirbhís ag GBRÁ leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Cuimsítear i mBord an GBRÁ 11 bhall, lena n-áirítear 8 bpríomhfheidhmeannach ó chomhairlí contae nó cathrach agus 3 ainmní de chuid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is iad seo a leanas ballraíocht reatha an Bhoird:
- Owen Keegan, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- Tim Lucey, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chorcaí
- Tom Enright, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Loch Garman
- Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- Frank Curran, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Dhun Laoghaire Rath an Duin
- Pat Daly, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
- Joe McGrath, Príomhfheidhmeannach,Comhairle Contae Thiobraid Arann
- Anna Marie Delaney, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Uibh Fhaili
- Fiona Quinn, Rúnaí Cúnta, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Sarah Neary, Príomhchomhairleoir, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreach
Foireann feidhmiúcháin an GBRÁ
Tarmligeann an Bord an fhreagracht as bainistíocht laethúil an GBRÁ don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus don fhoireann feidhmiúcháin. Tá siad freagrach as cuspóirí corparáideacha a bhaint amach agus as beartas agus straitéis a chur chun feidhme ar fud na Gníomhaireachta. Cuimsítear i bhfoireann feidhmiúcháin an GBRÁ:
Paul Dunne, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
Eamonn Hunt, Príomhfheidhmeannach Cúnta
Freagrach as tacaíocht eagraíochtúil an rialtais áitiúil
Paula Butler, Príomhfheidhmeannach Cúnta
Freagrach as straitéis, taighde agus cumarsáid
Eddie O'Loughlin, Príomhfheidhmeannach Cúnta
Freagrach as bainistíocht agus nuálaíocht clár
Geraldine Dunne. Rúnaí Boird/ Bainisteoir Acmhainní Daonna agus Gnóthaí Corparáideacha
Declan Keating, Bainisteoir Airgeadais
Struchtúr na gcolún
Tá an GBRÁ eagraithe ina cholúin, agus tá gach ceann díobh dírithe ar réimse sonrach oibriúcháin.
Colún 1
Tacaíonn Straitéis, Taighde agus Cumarsáid an Rialtais Áitiúil leis na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí saoránach a sholáthar. Tuilleadh eolais
Colún 1a
Éascaíonn an Oifig um Aistriú Seirbhísí Uisce aistriú seirbhísí uisce údaráis áitiúil go hUisce Éireann. Tuilleadh eolais
Colún 1b
Déanann an Oifig um Chomhordú Soláthair Tithíochta soláthar tithíochta údaráis áitiúil a chomhordú agus tugann sí comhairle ina leith. Tuilleadh eolais
Colún 2
Soláthraíonn Tacaíocht Eagraíochtúil an Rialtais Áitiúil tacaíocht ar na seirbhísí cúloifige a sholáthraíonn na húdaráis áitiúla. Tuilleadh eolais
Colún 3
Soláthraíonn Oibríochtaí an GBRÁoibríochtaí inmheánacha an GBRÁ amhail seirbhís chorparáideach, airgeadas, acmhainní daonna agus bainistíocht saoráidí.
Colún 4
Tacaíonn Bainistíocht agus Nuálaíocht Clár an Rialtais Áitiúil le soláthar na dtionscadal chuig an earnáil agus béim láidir agus nuálaíocht ar athchóiriú. Tuilleadh eolais