Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Straitéis Daoine an Rialtais Áitiúil

I gcomhar leis an earnáil rialtais áitiúil, d’fhorbair an GBRÁ straitéis maidir le bainistíocht acmhainní daonna laistigh den earnáil.


Treochlár is ea Straitéis Daoine an Rialtais Áitiúil chun tacú leis na húdaráis áitiúla a spriocanna gnó a bhaint amach agus lucht oibre a bheidh spreagtha, tiomanta agus ullmhaithe a chinntiú.

Le Straitéis na nDaoine cuirtear comhsheasmhacht agus comhar chun cinn ar fud na hearnála, ach tá straitéis á cur chun feidhme ag gach údarás áitiúil bunaithe ar a riachtanais agus ar a dtosaíochtaí aonair féin.

Na haidhmeanna leis an tionscadal

Tá ceannaireacht éifeachtúil agus bainistíocht daoine fíorthábhachtach maidir le seirbhísí údaráis áitiúil a sheachadadh.

Forbraíodh Straitéis Daoine na nÚdarás Áitiúil chun réimsí le haghaidh fócas agus aird straitéiseach a shainaithint, lena n-áirítear comhtháthú phleanáil an lucht oibre le riachtanais ghnó; forbairt scileanna agus cumas le haghaidh seirbhísí úra agus bealaí úra oibrithe; agus freagairt a thabhairt ar dhúshláin earcaíochta.

Féachtar leis an straitéis cuidiú leis na húdaráis áitiúla chun:

  • Pleanáil do riachtanais an lucht oibre amach anseo
  • Na daoine a theastaíonn uathu a mhealladh, a earcú agus a choinneáil
  • Acmhainn agus inniúlacht a fhorbairt chun seirbhísí reatha agus seirbhísí amach anseo a sholáthar ar bhealach éifeachtach
  • Leanúint le cultúr dínite, measa agus cothroime a chothú
  • Lucht oibre spreagtha tiomanta a chumhachtú a sholáthróidh seirbhísí cáilíochta do shaoránaigh
  • Timpeallacht oibre shábháilte, thacúil agus shláintiúil a chur chun cinn


Nuashonrú tionscadail

Agus an straitéis i bhfeidhm anois, tá an GBRÁ ag tacú leis na húdaráis áitiúla lena cur i bhfeidhm laistigh dá n-eagraíochtaí, ar bhonn a bpleananna oibre aonair féin.

Tá an GBRÁ chun tosaigh chomh maith i roinnt réimsí laistigh den straitéis inar sainaithníodh go mbeadh tairbhe ag baint le cur chuige earnála, lena n-áirítear tacaíocht i margaíocht deiseanna fostaíochta laistigh den earnáil, forbairt láithreáin gréasáin úr um poist rialtais áitiúil, anailísíocht sonraí agus tacú le timpeallacht oibre shláintiúil i dtaca leis na dúshláin a bhaineann le COVID-19.